26 Beidh solas na gealaí ar aon dul le solas na gréine agus solas na gréine seacht n‑uaire níos gile fós, ar nós solas seacht lá le chéile, sa lá a gceanglóidh an Tiarna créacht a phobail agus a leigheasfaidh sé fearbacha a bhuillí.
27 Breathnaigí! Tá ainm an Tiarna ag teacht ó chríoch i gcéin,is loiscneach a fhearg, is trom an t‑ualach atá air,tá a bheola ag cur thar maoil le cuthach,agus a theanga ina tine chraosach.
28 Tá a anáil mar thuile in abhainn,a thiocfadh go muineál ar dhuine.Tá sé ag teacht chun na náisiúin a chriathrú i gcriathar an mhillte,chun béalbhach a chuid srianta a chur le giall na gciníocha.
29 Beidh bhur gceolsa, áfach, mar bheadh oíche chinn féile ann,agus aoibhneas ar chroí gach aon.Ar nós an té a bhuaileann bóthar le ceol na bhfeadógar a bhealach ionsar shliabh an Tiarna, ionsar charraig Iosrael,
30 Tabharfaidh an Tiarna faoi deara go gcloisfear mórgacht a ghlóir,agus taispeánfaidh sé lascadh a láimhe,i bhfraoch a chuid feirge, i gceartlár tine craosaí,i séideán báistí agus clochshneachta.
31 Óir is é glór an Tiarna a chuirfidh coiscriú ar an Asaír,agus í faoi bhuillí a bhata,
32 gach buille den bhataagus den phionós a leagfaidh an Tiarna uirthi,le bodhráin agus le cláirseacha agus le damhsaí...