30 Tabharfaidh an Tiarna faoi deara go gcloisfear mórgacht a ghlóir,agus taispeánfaidh sé lascadh a láimhe,i bhfraoch a chuid feirge, i gceartlár tine craosaí,i séideán báistí agus clochshneachta.
31 Óir is é glór an Tiarna a chuirfidh coiscriú ar an Asaír,agus í faoi bhuillí a bhata,
32 gach buille den bhataagus den phionós a leagfaidh an Tiarna uirthi,le bodhráin agus le cláirseacha agus le damhsaí...
33 Óir is fada leac teallaigh ullamh cois Toifit,agus ullamh le haghaidh Mhoilic chomh maith,clais dhomhain leathan, lán cocháin agus adhmaid,agus anáil an Tiarna ag cur tine leis, mar a bheadh rabharta ruibhe ann.