7 Óir tá cabhair na hÉigipte díomhaoin agus baoth;is é sin an fáth a dtugaim mar ainm uirthi:Ráhab na leisce.
8 Imigh anois, gearr ar tháibléad an méid seo,scríobh ar scrolla é,chun go mbeidh sé san am atá le teachtina fhianaise bhuan:
9 Is pobal míréireach iad seo,is clann bhréagach,clann nach áil leo éisteachtle reacht an Tiarna.
10 Deir siad le lucht físe:“Ná bíodh físeanna agaibh”,agus leis na fáithe:“Ná tuaraigí an ceart dúinn”.“Déanaigí plámas linn,bíodh físeanna mealltacha agaibh dúinn;
11 fágaigí an bealach, casaigí i leataobh ón tslí;as ár radharc leis mar Neach Naofa Iosrael.”
12 Ar an ábhar sin a deir Neach Naofa Iosrael:“De bhrí gur beag libh an rabhadh seo,agus go bhfuil bhur muinín sa chamastaíl agus san fheall,agus gurb iad is crann taca agaibh,
13 léireofar daoibh an cion seoa bheith mar a bheadh balla ardagus gág anuas ann,bolg amach air agus é i ríocht titim,a dtagann maidhm air go tobann, i seal faiteadh súl,