2 is cosúil gach aon acu le foscadh ón ngaoth, le fothain ón anfa,amhail srutháin uisce i dtalamh tirim,amhail fuarthan carraige móire i bhfearann spallta.
3 Ní bheidh sram ansin ar na súile a fheiceann,beidh na cluasa a chloiseann ar bior,
4 beidh croí lucht luathintinne ag cleachtadh críonnachtaagus teanga na dtrudairí ag labhairt go héasca agus go soiléir;
5 ní thabharfar uasal feasta ar an amadán,ná ní bheidh clú na cneastachta ar an gcaimiléirí.
6 Óir bíonn an t‑amadán ag stealladh amaidíagus a chroí ag meabhrú an oilc,chun an urchóid a chur i gcrích,chun labhairt go hiomrallach faoin Tiarna,chun an t‑ocrach a fhágáil agus a bholg folamhagus deoch a dhiúltú don té a bhfuil tart air.
7 Maidir leis an gcaimiléirí, tá a chaimiléireacht mallaithe;bíonn sé ag ceapadh seifteanna chun na bochtáin a mhilleadh le bréaga,fiú agus an ceart ag cúis na ndearóile;
8 ach an té atá uasal, is uasal dá bhearta,agus an rud uasal, is é á chuireann sé i bhfeidhm.