1 Gabhaigí i leith, a chiníocha, go n‑éiste sibh;a phobala, tugaigí aire;éisteadh an talamh agus gach a bhfuil ann,an domhan cláir agus a shliocht go léir!
2 Óir tá fearg ar an Tiarna leis na ciníocha ar fad,tá sé i bhfíoch leis an slua acu go léir;tá siad curtha faoi gheasa a millte aige,tá siad tugtha suas aige don ár.
3 Tá a gcuid marbhán á gcartadh amach,agus boladh ag éirí óna gcoirp;tá a gcuid fola ina slaoda ar na sléibhte;
4 tá slua na spéartha ar fad ag titim as a chéile.Tá na spéartha á gcornadh suas mar bheadh scrolla annagus slua na reann ag feo,mar a bheadh craobhacha fíniúna ag feo,mar dhuilliúr feoite an chrann figí.
5 Óir tá mo chlaíomh ar maos sna spéartha...Féach, tá sé ag tuirlingt ar Eadóm,ar an gcine atá daortha damhnaithe agam.
6 Tá claíomh ag an Tiarna agus é sách le fuil,tá sé bealaithe le blonag,le fuil na n‑uan agus na ngabhar,le geir cheathrún na reithí.Mar tá íobairt ag an Tiarna i mBozráagus eirleach mór aige i bhfearann Eadóm.
7 Tá ciníocha ag titim mar a thitfeadh damhra allta,in ionad tarbh, tá pobal gaiscíoch á leagan.Tá a dtalamh siúd múchta le fuil,agus a gcréafóg á leasú le geir.