1 Déanadh an díthreabh agus tír an triomaigh lúcháir,bíodh gairdeas ar an ngaineamhlach agus é faoi bhláth;tagadh bláthanna air chomh tiubh leis an gcróch,déanadh sé gairdeas le gártha agus le ceol.
2 Maise na Liobáine tugtar dó,scéimh Chairmell agus Sheárón lena chois sin;beidh maise an Tiarna le feiceáil acu seoagus scéimh an Dé seo againne.
3 Déanaigí láidir na lámha atá faonlagagus cuirigí téagar sna glúine atá ag lúbadh;
4 abraigí le lucht an chroí mhearaithe:“Músclaígí bhur misneach; ná bíodh eagla oraibh.Breathnaígí! Is é bhur nDia atá ann,tá sé chugaibh leis an díoltas atá ag dul daoibh;Dia atá ann ag agairt a chúitimh,agus é ag teacht do bhur slánú.”
5 Déanfar a súile do na daill an uair sinagus réiteofar cluasa na mbodhar;
6 beidh an bacach ag léimneach mar a bheadh fia annagus teanga an bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir.Óir brúchtfaidh uisce aníos san fhásachagus srutháin i bhfearann an triomaigh;
7 déanfar linn den talamh spalltaagus toibreacha uisce de thír an tarta.Na huaimheanna mar a dtéadh na madraí allta a chónaí,beidh siad ina mothar cíbe agus giolcach...