1 Sa cheathrú bliain déag de réimeas an rí Hiziciá, thug Sanaichéiríb, rí na hAsaíre, faoi dhúnbhailte Iúdá agus ghabh sé iad.
2 Ó Láicis chuir rí na hAsaíre an tArdoifigeach mar aon le slua mór saighdiúirí ag triall ar Hiziciá rí in Iarúsailéim. Thóg siad ionad in aice le sileán na Linne Uachtair ar an mbóthar go Gort an Úcaire.
3 Chuaigh reachtaire an pháláis Eiliácaím mac Hilcíá, Seabná an rúnaí, agus Ióách mac Ásáf an callaire, chuaigh siad amach ina airicis.
4 Dúirt an tArdoifigeach leo: “Abraigí le Hiziciá gurb í seo teachtaireacht an rí mhóir, rí na hAsaíre: Cad is bun leis an muinín seo agat?
5 An dóigh leat gur fiú focail bhaotha comhairle agus laochas chun cogaidh? Cé air a bhfuil tú ag brath anois gur éirigh tú amach i m'éadan?