11 Dúirt Eiliácaím, Seabná agus Ióách leis an Ardoifigeach: “Má is é do thoil é, labhair linn do sheirbhísigh in Aramais, óir tuigimid í; ná labhair linn in Eabhrais in éisteacht an phobail atá ar na ballaí.”
12 Ach dúirt an tArdoifigeach leo: “An le do thiarna agus leatsa a chuir mo thiarnasa uaidh mé le seo á rá? Ní hea, ach leis na daoine seo atá ina suí ar na ballaí agus gur dual dóibh a gcac féin a ithe agus a mún féin a ól bhur ndála féin?”
13 Ansin d'éirigh sé ina sheasamh agus scairt sé amach in ard a chinn in Eabhrais: “Éistigí le teachtaireacht an rí mhóir, rí na hAsaíre!
14 Seo iad focail an rí: Ná cuireadh Hiziciá an dallamullóg oraibh! Ní bheidh sé in ann sibh a shábháil.
15 Ná bíodh muinín agaibh as an Tiarna ar chomhairle Hiziciá, agus é á rá: Tiocfaidh an Tiarna ár dtarrtháil cinnte, ní ghéillfear an chathair seo suas do rí na hAsaíre.
16 Ná héistigí le Hiziciá, óir seo iad focail rí na hAsaíre: Déanaigí síocháin liomsa,
17 géilligí domsa agus beidh gach duine agaibh ag ithe toradh a fhíniúna féin agus a chrann figí féin, agus ag ól uisce a umair féin, go dtí go dtaga mise chun sibh a thabhairt go tír cosúil le bhur dtír féin, tír gráin agus fíona, tír aráin agus fíonghort.