14 Seo iad focail an rí: Ná cuireadh Hiziciá an dallamullóg oraibh! Ní bheidh sé in ann sibh a shábháil.
15 Ná bíodh muinín agaibh as an Tiarna ar chomhairle Hiziciá, agus é á rá: Tiocfaidh an Tiarna ár dtarrtháil cinnte, ní ghéillfear an chathair seo suas do rí na hAsaíre.
16 Ná héistigí le Hiziciá, óir seo iad focail rí na hAsaíre: Déanaigí síocháin liomsa,
17 géilligí domsa agus beidh gach duine agaibh ag ithe toradh a fhíniúna féin agus a chrann figí féin, agus ag ól uisce a umair féin, go dtí go dtaga mise chun sibh a thabhairt go tír cosúil le bhur dtír féin, tír gráin agus fíona, tír aráin agus fíonghort.
18 Ná cuireadh Hiziciá amú sibh, á rá: ‘Sábhálfaidh an Tiarna sibh.’ An bhfuil dia ar bith de dhéithe na náisiún a bhí in ann a thír a shábháil ar rí na hAsaíre?
19 Cá bhfuil déithe Hamát agus Arpád? Cá bhfuil déithe Shafaravaím? Cá bhfuil déithe thír na Samáire? Ar shábháil siad an tSamáir orm?
20 De dhéithe na dtíortha uile, cé acu a shábháil a dtír orm? Agus cén chaoi a bhfuil an Tiarna le Iarúsailéim a shábháil?”