19 Cá bhfuil déithe Hamát agus Arpád? Cá bhfuil déithe Shafaravaím? Cá bhfuil déithe thír na Samáire? Ar shábháil siad an tSamáir orm?
20 De dhéithe na dtíortha uile, cé acu a shábháil a dtír orm? Agus cén chaoi a bhfuil an Tiarna le Iarúsailéim a shábháil?”
21 D'fhan na daoine ina dtost gan focal astu, óir ba é a d'ordaigh an rí dóibh: “Ná tugaigí freagra air.”
22 Tháinig reachtaire an pháláis Eiliácaím mac Hilcíá, Seabná an rúnaí agus Ióách mac Ásáf an callaire, tháinig siad ar ais i láthair Hiziciá agus a gcuid éadaigh stróicthe acu, agus d'inis dó ar dhúirt an tArdoifigeach.