3 Chuaigh reachtaire an pháláis Eiliácaím mac Hilcíá, Seabná an rúnaí, agus Ióách mac Ásáf an callaire, chuaigh siad amach ina airicis.
4 Dúirt an tArdoifigeach leo: “Abraigí le Hiziciá gurb í seo teachtaireacht an rí mhóir, rí na hAsaíre: Cad is bun leis an muinín seo agat?
5 An dóigh leat gur fiú focail bhaotha comhairle agus laochas chun cogaidh? Cé air a bhfuil tú ag brath anois gur éirigh tú amach i m'éadan?
6 Ar an Éigipt? Más ea, tá tú ag brath ar shifín briste nach ndéanann ach lámh aon duine atá ag baint taca as a tholladh is a threaghdadh. Mar sin atá ag Forann, rí na hÉigipte, le daoine a chuireann a muinín ann.
7 Déarfaidh sibh liom, b'fhéidir: ‘Is sa Tiarna ár nDia atá ar muinín,’ ach nár leis siúd na hardáin bheannaithe agus na haltóirí a thóg Hiziciá chun siúil, á rá le muintir Iúdá agus Iarúsailéim: ‘Is os comhair na haltóra seo amháin a sléachtfaidh sibh.’
8 Seo anois, cuir an geall seo le mo thiarna rí na hAsaíre: Tabharfaidh mé dhá mhíle each duit ach tú marcaigh a chur ar fáil dóibh.
9 An gcuirfidh tú suas fiú don duine is lú de shearbhóntaí mo thiarna, agus tú ag brath ar an Éigipt le haghaidh carbad agus marcach?