1 Ar a chlos sin dó, stróic an rí Hiziciá a chuid éadaigh, chuir éadach róin air féin agus chuaigh isteach i dTeampall an Tiarna.
2 Chuir sé reachtaire an pháláis Eiliácaím, Seabná rúnaí agus seanóirí na sagart, iad go léir gléasta in éadach róin, go dtí an fáidh Íseáia mac Ámóz.
3 Dúirt siad leis: “Seo teachtaireacht ó Hiziciá: Lá anbhuaine is ea é seo, lá aithise agus náire. Tá na leanaí i mbéal a mbreithe agus níl an neart ann lena saolú.
4 Éisteadh an Tiarna do Dhia le focail an Ardoifigigh a chuir rí na hAsaíre uaidh chun an Dia beo a mhaslú, agus baineadh sé éiric amach sna focail a chuala sé! Cuir suas paidir ar son an fhuíll atá fágtha.”
5 Nuair a bhí airí an rí Hiziciá tagtha i láthair Íseáia,
6 dúirt seisean leo: “Déarfaidh sibh le bhur máistir: Seo é briathar an Tiarna: Ná bíodh eagla ort tar éis a bhfuil cloiste agat nuair a bhí giollaí rí na hAsaíre ag caitheamh masla liom.
7 Tá mé chun spiorad a chur ann agus cloisfidh sé scéala a thabharfaidh ar ais chuig a thír féin é; cuirfidh mé faoi deara go dtitfidh sé leis an gclaíomh ansin.