16 “A Thiarna na Slua, a Dhia Iosrael, atá anseo i do shuí ríoga ar na ceiribíní, is tusa aon Dia ríochtaí an domhain ar fad, is tusa a rinne neamh agus talamh.
17 Claon do chluas chugam, a Thiarna, agus éist liom;oscail do shúile, a Thiarna, agus amharc orainn.Éist le focail Shanaichéiríba chuir sé uaidh a mhaslú Dé bheo.
18 “Tá sé fíor, a Thiarna, gur chreach ríthe na hAsaíre na náisiúin go léir agus a gcuid tailte;
19 chaith siad a ndéithe sa tine, óir ní déithe a bhí iontu ach saothar ó lámha daoine, adhmad agus cloch; agus ar an ábhar sin, cuireadh ar ceal iad.
20 Ach anois, a Thiarna, a Dhia linn, sábháil sinn ar a neart, impím ort, agus bíodh fhios ag náisiúin uile an domhain gur tú amháin is Dia ann, a Thiarna!”
21 Ansin chuir Íseáia mac Ámóz an teachtaireacht seo chuig Hiziciá: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael, de thairbhe na paidre a chuir tú suas chugam mar gheall ar Shanaichéiríb, rí na hAsaíre.
22 Seo é an fógra a thug an Tiarna uaidh ina choinne:Caitheann sí tarcaisne, caitheann sí achasán leat,an mhaighdean, iníon Shíón;craitheann sí a ceann ar do chúla,iníon Iarúsailéim.