17 Claon do chluas chugam, a Thiarna, agus éist liom;oscail do shúile, a Thiarna, agus amharc orainn.Éist le focail Shanaichéiríba chuir sé uaidh a mhaslú Dé bheo.
18 “Tá sé fíor, a Thiarna, gur chreach ríthe na hAsaíre na náisiúin go léir agus a gcuid tailte;
19 chaith siad a ndéithe sa tine, óir ní déithe a bhí iontu ach saothar ó lámha daoine, adhmad agus cloch; agus ar an ábhar sin, cuireadh ar ceal iad.
20 Ach anois, a Thiarna, a Dhia linn, sábháil sinn ar a neart, impím ort, agus bíodh fhios ag náisiúin uile an domhain gur tú amháin is Dia ann, a Thiarna!”
21 Ansin chuir Íseáia mac Ámóz an teachtaireacht seo chuig Hiziciá: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael, de thairbhe na paidre a chuir tú suas chugam mar gheall ar Shanaichéiríb, rí na hAsaíre.
22 Seo é an fógra a thug an Tiarna uaidh ina choinne:Caitheann sí tarcaisne, caitheann sí achasán leat,an mhaighdean, iníon Shíón;craitheann sí a ceann ar do chúla,iníon Iarúsailéim.
23 Cé dhó ar thug tú masla agus aithis?Cé ina choinne ar labhair tú in ard do chinnagus ar bhreathnaigh tú suas go sotalach?I gcoinne Neach Naofa Iosrael!