19 chaith siad a ndéithe sa tine, óir ní déithe a bhí iontu ach saothar ó lámha daoine, adhmad agus cloch; agus ar an ábhar sin, cuireadh ar ceal iad.
20 Ach anois, a Thiarna, a Dhia linn, sábháil sinn ar a neart, impím ort, agus bíodh fhios ag náisiúin uile an domhain gur tú amháin is Dia ann, a Thiarna!”
21 Ansin chuir Íseáia mac Ámóz an teachtaireacht seo chuig Hiziciá: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael, de thairbhe na paidre a chuir tú suas chugam mar gheall ar Shanaichéiríb, rí na hAsaíre.
22 Seo é an fógra a thug an Tiarna uaidh ina choinne:Caitheann sí tarcaisne, caitheann sí achasán leat,an mhaighdean, iníon Shíón;craitheann sí a ceann ar do chúla,iníon Iarúsailéim.
23 Cé dhó ar thug tú masla agus aithis?Cé ina choinne ar labhair tú in ard do chinnagus ar bhreathnaigh tú suas go sotalach?I gcoinne Neach Naofa Iosrael!
24 Trí do ghiollaí thug tú masla don Tiarna.Dúirt tú: Le hiomad mo charbadchuaigh mé suas ar mhullach na sléibhte,ar bheanna iargúlta na Liobáine.Ghearr mé anuas an chuid is airde dá céadrais,an chuid is áille dá cufróga.Bhain mé amach an ascaill is uaigní annagus na cluainte i lár a cuid caschoille.
25 Thochail mé toibreacha agus d'ól mé uiscí na coigríche;thriomaigh mé le bonn mo choisesrutháin na hÉigipte go léir.