21 Ansin chuir Íseáia mac Ámóz an teachtaireacht seo chuig Hiziciá: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael, de thairbhe na paidre a chuir tú suas chugam mar gheall ar Shanaichéiríb, rí na hAsaíre.
22 Seo é an fógra a thug an Tiarna uaidh ina choinne:Caitheann sí tarcaisne, caitheann sí achasán leat,an mhaighdean, iníon Shíón;craitheann sí a ceann ar do chúla,iníon Iarúsailéim.
23 Cé dhó ar thug tú masla agus aithis?Cé ina choinne ar labhair tú in ard do chinnagus ar bhreathnaigh tú suas go sotalach?I gcoinne Neach Naofa Iosrael!
24 Trí do ghiollaí thug tú masla don Tiarna.Dúirt tú: Le hiomad mo charbadchuaigh mé suas ar mhullach na sléibhte,ar bheanna iargúlta na Liobáine.Ghearr mé anuas an chuid is airde dá céadrais,an chuid is áille dá cufróga.Bhain mé amach an ascaill is uaigní annagus na cluainte i lár a cuid caschoille.
25 Thochail mé toibreacha agus d'ól mé uiscí na coigríche;thriomaigh mé le bonn mo choisesrutháin na hÉigipte go léir.
26 An ea nár chuala tú? Fadó riamha bhí sin leagtha amach agam;sna laethe anallód a bheartaigh mé é,anois tá sé á chur i gcrích agam.Ba é ba chinniúint duitsedúnbhailte a réabadh ina mollta conamair.
27 Bhí a lucht cónaithe gan lúth na lámh,lán uafáis agus scéine,ar nós lusra na mbánta agus na scratha glasa,féar bharr na dtithe agus na ngortá sheargadh ag an gaoth anoir.