27 Bhí a lucht cónaithe gan lúth na lámh,lán uafáis agus scéine,ar nós lusra na mbánta agus na scratha glasa,féar bharr na dtithe agus na ngortá sheargadh ag an gaoth anoir.
28 Is eol dom nuair a éiríonn tú agus nuair a shuíonn tú,nuair a ghabhann tú amach agus isteach.
29 Ó tharla gur thug tú aghaidh do chraois ormagus gur tháinig do shotal fad le mo chluasa,cuirfidh mé fáinne i do shrónagus mo bhéalbhach le do bheola,agus déanfaidh mé thú a chinnireacht ar ais,siar an bealach a tháinig tú!
30 Beidh sé seo ina chomhartha agat:Íosfar i mbliana grán a d'fhás ar bhranaragus an bhliain seo chugainn a bhfásann as sin arís,ach an tríú bliain, cuirigí síol agus bainigí fómhar,cuirigí fíonghoirt agus ithigí a dtoradh.
31 An fuílleach a bheidh fágtha de theaghlach Iúdá,cuirfidh sé amach fréamhacha úra thíos agus toradh ar barr.
32 Óir as Iarúsailéim rachaidh fuíoll áir amachagus iarmhar ó shliabh Shíón.Dúthracht Thiarna na Slua a chuirfidh an méid sin i gcrích.
33 Mar sin, seo é briathar an Tiarna i dtaobh rí na hAsaíre:Ní thiocfaidh sé sa chathair seo isteach,saighead ní scaoilfidh sé inti,sciath ní ardóidh sé ina coinne,Ní thógfaidh sé múr léigir ina haghaidh.