35 Déanfaidh mé an chathair a chaomhnú agus a shábháilar mo shon féin agus ar son Dháiví, mo shearbhónta.”
36 An oíche chéanna sin, chuaigh aingeal an Tiarna amach agus bhuail sé céad agus a hochtó cúig míle fear i gcampa na nAsaíreach. Tráth dúiseachta ar maidin, bhí siad go léir sínte marbh.
37 Scor Sanaichéiríb a champa ansin agus d'imigh sé abhaile go Nínivé agus chuir sé faoi ann.
38 Lá amháin, agus é ag adhradh i dteampall Niosroc, an dia a bhí aige, tháinig a bheirt mhac, Adraimeilic agus Seaireizir, agus mharaigh siad é le claíomh agus d'imigh ar a seachnadh go tír Ararat. Rinneadh rí dá mhac Éasarchadón ina ionad.