9 Ach nuair a fuair Sanaichéiríb scéala go raibh Tiorhácá, rí Chúis, ar a bhealach chun cath a chur air, chuir sé teachtairí ionsar Hiziciá an dara huair lena rá leis:
10 “Seo mar a labhróidh sibh le Hiziciá, rí Iúdá: An Dia seo agat a bhfuil do mhuinín ann, ná cuireadh sé amú thú lena gheallúint nach dtabharfar Iarúsailéim isteach i lámha rí na hAsaíre.
11 Chuala tú cinnte a bhfuil déanta ag ríthe na hAsaíre ar na tíortha go léir, á dtabhairt suas don léirscrios, agus an dóigh leat go dtiocfaidh tusa slán?
12 Ar fhéad a gcuid déithe na náisiúin a chreach mo shinsir a tharrtháil - Gózán, Hárán, Reizif, agus muintir Éidin a bhí i dTeil [Básár]?
13 Cá bhfuil siad, na ríthe a bhí ar Hamát, Arpád, Safarvaím, agus ar Haena agus Íveá?”
14 Thóg Hiziciá an litir ó lámha na dteachtairí agus léigh í. Ansin chuaigh sé suas go Teampall an Tiarna agus spréigh sé amach os comhair an Tiarna í.
15 Agus chuir Hiziciá suas an phaidir seo i láthair an Tiarna: