3 An dream a mhairfidh de Shíón,fuíoll áir Iarúsailéimtabharfar naoimh orthu uileagus clárófar ar rolla na beatha iad in Iarúsailéim.
4 Truailliú iníon Shíón,nuair a bheidh sí nite ag an Tiarna,agus Iarúsailéim glanta aige den fhuil a doirteadhle siorradh an bhreithiúnais agus siorradh an loiscthe,
5 tiocfaidh an Tiarna a chónaíi ngach uile chuid de Shliabh Shíónagus orthu siúd a thagann le chéile ann,ina néal agus ina dheatach de lá,agus d'oíche, ina chaor thine luisneach.Óir os a chionn ar fad, beidh glóir an Tiarnaina léibheann
6 agus ina bothchun scáth a thabhairt sa lá in aghaidh an teasa,agus chun bheith ina tearmann agus ina dídean in éadan báistí agus stoirme.