1 “Sólás, beirigí sólás chuig mo mhuintir,”a deir bhur nDia.
2 “Labhraigí le croí Iarúsailéim agus fógraígí digo bhfuil aimsir a seirbhíse istigh,go bhfuil a peaca maite,go bhfuair sí ó láimh an Tiarnapionós faoi dhó ina cionta go léir.”
3 Tá glór ag fógairt:“Réitigí cosán san fhásachle haghaidh an Tiarna.Déanaigí díreach thar an machairebealach mór dár nDia.
4 Líontar isteach gach gleann,agus íslítear gach sliabh agus gach cnoc;déantar achréidh de na hailteannaagus míntír den gharbhchríoch.
5 Ansin foilseofar glóir an Tiarnaagus feicfidh an uile fheoil í in éineacht.Óir tá béal an Tiarna tar éis labhairt.”
6 Deir glór: “Glaoigh!”agus deirimse ar ais: “Cad a ghlaofaidh mé?”- “Tá an uile fheoil mar an féaragus a scéimh ar fad mar bhláth an mhachaire.
7 Feonn an féar, tréigeann an bláth,nuair a shéideann anáil an Tiarna orthu.(Is ea, is é an pobal an féar.)