11 Mar a dhéanfadh aoire ag aoireacht a thréada dó,ag bailiú na n‑uan chuige ina bhaclainn,á n‑iompar ar chlár a uchtaagus ag fosaíocht na gcaorach tórmaigh.
12 Cé a thomhais i gcroí a bhoise uiscí na farraigeagus a leag amach na spéartha lena réise?a chruinnigh cré na talún i miosúr,a rinne na sléibhte a mheá sna scálaíagus na cnocáin in ainsiléad?
13 Cé a thabharfadh treoir do spiorad an Tiarnanó cén comhairleoir a thabharfadh teagasc dó?
14 Cé air a d'iarrfadh sé comhairle chun breithiúnas,chun eolas a chur ar bhealach na córach,chun slí na tuisceana a aimsiú?
15 Féach, tá na ciníocha mar bheadh braon i mbuicéad aige!níl iontu ach deannach ar an ainsiléad.Tógann sé suas na hoileáin mar nach mbeadh iontu ach dúlagáin.
16 Níor leor an Liobáin ar fad le haghaidh connaidh,ná níor leor a hainmhithe le haghaidh íobairt loiscthe.
17 Is cuma na ciníocha nó neamhní ina láthair;is baoth leis iad agus is lú ná neamhní.