20 Lorgann snoíodóir cliste adhmad crann pailme dó,adhmad nach lobhann, chun dealbh théagartha a chur suas.
21 An ea nárbh eol daoibh? An ea nár chuala sibh?An ea nár insíodh daoibh é ón tús?An ea nach bhfuil sé tuigthe agaibh ó bunaíodh an domhan?
22 Tá cónaí air in airde os cionn roth na cruinne,agus a muintir sin ar nós dreoiliní teaspaigh.Leath sé amach na spéartha mar a bheadh brat iontu,spréigh sé amach iad ar nós both chónaithe.
23 Cuireann sé na huachtaráin ó chrích,agus breithiúna na talún ar neamhní.
24 Ní luaithe beangán nó síol uathu i dtalamh,ní luaithe fréamh curtha síos ag a ngasná séideann sé orthu. Seargann siad ar an toirtagus tugann an stoirm ar shiúl iad ar nós coinlín.
25 “Cé leis a shamhlóidh sibh mé,nó an bhfuil mo leithéid eile ann,” a deir an Neach Naofa.
26 Tógaigí bhur súile in airde ansin agus breathnaígí:Cé a chruthaigh na réanna údmurarb é an té a scarann amach in eagar slua iadagus a ghlaonn orthu go léir ina n‑ainm?Tá a chumhacht chomh mór sin agus a neart chomh láidirnach bhfuil aon cheann acu a loiceann air.