16 Cáithfidh tú iad agus tabharfaidh an ghaoth ar shiúl iad,cuirfidh an stoirm scaipeadh orthu.Maidir leat féin, beidh lúcháir ort sa Tiarna,beidh tú ag déanamh mórtais as Neach Naofa Iosrael.
17 Tá na dearóile agus na bochtáin ag lorg uisce, agus níl sé ann.Tá an teanga spallta iontu le tart.Ach mise, an Tiarna, tabharfaidh mé éisteacht dóibh,mise, Dia Iosrael, ní thréigfidh mé iad.
18 Ar na dumhcha osclóidh mé aibhneachaagus fuaráin uisce i lár na ngleannta.Déanfaidh mé lochán den ghaineamhlachagus toibreacha den talamh tirim.
19 San fhásach cuirfidh mé crainn chéadrais,crainn acáise agus crainn mhiortail agus crainn olóige.Sa díthreabh cuirfidh mé an t‑aiteal,crann plána agus cufróg le hais a chéile.
20 Chun go bhfeice daoine agus go n‑aithní siad,chun go meabhraí siad agus go dtuige siad le chéilegurb í lámh an Tiarna a rinne an méid sin,gurb é Neach Naofa Iosrael a chuir i gcrích.
21 “Tugaigí bhur gcúis i láthair,” a deir an Tiarna;“déanaigí bhur bpléadáil,” a deir rí Iacóib.
22 “Tagadh siad chun tosaigh, na déithe bréige seo,agus foilsíodh siad dúinn cad tá le titim amach.Cad a thaispeáin siad dúinn san am atá thartgo dtabharfaimis aird ar bith orthu?Nó an é go bhfuil sibh chun na rudaí atá le teacht a nochtadhchun go mbeidh a fhios againn an toradh a bheidh orthu.