18 Ar na dumhcha osclóidh mé aibhneachaagus fuaráin uisce i lár na ngleannta.Déanfaidh mé lochán den ghaineamhlachagus toibreacha den talamh tirim.
19 San fhásach cuirfidh mé crainn chéadrais,crainn acáise agus crainn mhiortail agus crainn olóige.Sa díthreabh cuirfidh mé an t‑aiteal,crann plána agus cufróg le hais a chéile.
20 Chun go bhfeice daoine agus go n‑aithní siad,chun go meabhraí siad agus go dtuige siad le chéilegurb í lámh an Tiarna a rinne an méid sin,gurb é Neach Naofa Iosrael a chuir i gcrích.
21 “Tugaigí bhur gcúis i láthair,” a deir an Tiarna;“déanaigí bhur bpléadáil,” a deir rí Iacóib.
22 “Tagadh siad chun tosaigh, na déithe bréige seo,agus foilsíodh siad dúinn cad tá le titim amach.Cad a thaispeáin siad dúinn san am atá thartgo dtabharfaimis aird ar bith orthu?Nó an é go bhfuil sibh chun na rudaí atá le teacht a nochtadhchun go mbeidh a fhios againn an toradh a bheidh orthu.
23 Foilsígí dúinn cad a bheidh ann amach anseo,chun go bhfeice muid an déithe sibh.Déanaigí rud éigin, olc, maith nó dona,chun go n‑airí muid agus go bhfeice muid go léir é.
24 Ar ndóigh, ní dada sibh agus is neamhní bhur saothar,is gráiniúil an rud é dul i bpáirt libh.”