2 “Cé a mhúscail é siúd as an Oirthear,a bhfuil an bua ag fáiltiú roimhe gach áit a dtriallann sé?Cé a thugann na ciníocha ar láimh dóagus a thugann béim síos do na ríthe os a chomhair?Déanann a chlaíomh deannach díobhagus scaipeann a bhogh iad ina gcoinleach cáite.
3 Cuireann sé an ruaig orthu agus ar aghaidh leis san sábháilteis ar éigean má bhaineann a chosa leis an mbealach.
4 Cé hé a rinne an gníomh seo,murarb é an té a ghlaonn ar na glúine ó thosach?Mise, an Tiarna, atá i dtús annagus a bheidh ar deireadh; is mise é!”
5 Feiceann insí na farraige é agus gabhann eagla iad,tá an talamh ar crith ó cheann ceann;tá siad ag tarraingt orainn, tá siad i láthair.
6 [Cuidíonn duine lena chomharsa,agus deir lena bhráthair: “Misneach!”
7 Spreagann an ceardaí an gabha óir;gríosaíonn fear an chasúir ghreanta fear buailte na hinneona.Deir sé faoin phlátáil: “Tá sé déanta go maith.”Agus daingníonn le tairní é sa chaoi nach mbogfaidh sé.]
8 Is tusa, a Iosrael, mo ghiolla;tusa, a Iacóib, atá tofa agam,síol Abrahám, mo chara.