22 “Tagadh siad chun tosaigh, na déithe bréige seo,agus foilsíodh siad dúinn cad tá le titim amach.Cad a thaispeáin siad dúinn san am atá thartgo dtabharfaimis aird ar bith orthu?Nó an é go bhfuil sibh chun na rudaí atá le teacht a nochtadhchun go mbeidh a fhios againn an toradh a bheidh orthu.
23 Foilsígí dúinn cad a bheidh ann amach anseo,chun go bhfeice muid an déithe sibh.Déanaigí rud éigin, olc, maith nó dona,chun go n‑airí muid agus go bhfeice muid go léir é.
24 Ar ndóigh, ní dada sibh agus is neamhní bhur saothar,is gráiniúil an rud é dul i bpáirt libh.”
25 Mhúscail mé as an Tuaisceart é agus tháinig sé,ghlaoigh mé air as an Oirthear ina ainm.Shatail sé ar mhaoir chúige mar a bheadh láib iontu,mar a dhéanfadh potaire a chuid cré a phasáil.
26 Cé a d'fhoilsigh é anallód, go mbeadh a fhios againn?fadó riamh, chun go ndéarfaí: “Tá sé ceart”?Ach ní raibh duine ar bith ann a d'fhoilsigh é,duine ar bith a d'fhógair é,duine ar bith a chuala focal uait.
27 Bhí sé ráite agam le Síón roimh ré: “Seo chugainn iad”;bhí teachtaire dea-scéala curtha agam chuig Iarúsailéim.
28 Bhí mé ag breathnú uaim agus ní raibh aon duine ann,ní raibh ceann comhairle ar bith ina meascgo bhféadfainn ceist a chur air agus a thabharfadh freagra dom.