5 Feiceann insí na farraige é agus gabhann eagla iad,tá an talamh ar crith ó cheann ceann;tá siad ag tarraingt orainn, tá siad i láthair.
6 [Cuidíonn duine lena chomharsa,agus deir lena bhráthair: “Misneach!”
7 Spreagann an ceardaí an gabha óir;gríosaíonn fear an chasúir ghreanta fear buailte na hinneona.Deir sé faoin phlátáil: “Tá sé déanta go maith.”Agus daingníonn le tairní é sa chaoi nach mbogfaidh sé.]
8 Is tusa, a Iosrael, mo ghiolla;tusa, a Iacóib, atá tofa agam,síol Abrahám, mo chara.
9 Tusa a thug mé ó chríocha na talúnagus ar ghlaoigh mé ort ó iargúil na cruinne;tusa ar dhúirt mé leat: “Is tú mo ghiolla,tá tú tofa agam, níor thug mé droim láimhe leat.”
10 Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair;ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia.Cuirimse neart ionat agus cuidím leat,coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.
11 Sea, beidh náire agus ceann faoi orthu,iad siúd uile a bhí go fíochmhar i do choinne.Beidh siad mar neamhní agus rachaidh siad ar ceal,an dream a bhí ag iomaíocht leat.