8 Is tusa, a Iosrael, mo ghiolla;tusa, a Iacóib, atá tofa agam,síol Abrahám, mo chara.
9 Tusa a thug mé ó chríocha na talúnagus ar ghlaoigh mé ort ó iargúil na cruinne;tusa ar dhúirt mé leat: “Is tú mo ghiolla,tá tú tofa agam, níor thug mé droim láimhe leat.”
10 Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair;ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia.Cuirimse neart ionat agus cuidím leat,coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.
11 Sea, beidh náire agus ceann faoi orthu,iad siúd uile a bhí go fíochmhar i do choinne.Beidh siad mar neamhní agus rachaidh siad ar ceal,an dream a bhí ag iomaíocht leat.
12 Beidh tú á lorg agus ní bheidh fáil agat orthu,na céilí comhraic seo agat;dísceofar iad, cuirfear ar neamhní iad,an dream atá ag cur catha ort.
13 Óir mise, an Tiarna, do Dhia,tá greim agam ar do láimh dheas;deirim leat: “Ná bíodh eagla ort,táimse ag teacht i gcabhair ort.”
14 Ná bíodh eagla ort, a Iacóib, a chnumhóigín,a fhrídín, a Iosrael.Táimse ag teacht i gcabhair ort - briathar an Tiarna -is é Neach Naofa Iosrael d'fhuascailteoir.