1 Anois, seo mar a deir an Tiarna,do Chruthaitheoirse, a Iacóib,agus fear do dhealfa, a Iosrael:“Ná bíodh eagla ort, óir tá tú fuascailte agam;ghlaoigh mé ort i d'ainm, agus is liomsa thú.
2 Má ghabhann tú trí uiscí doimhne, táimse leat;má ghabhann tú trí aibhneacha, ní bháfaidh siad thú.Má shiúlann tú tríd an tine, ní dhófaidh tú thú féin,ná ní loiscfidh an lasair thú.
3 Óir is mise an Tiarna, do Dhia,Neach Naofa Iosrael, d'fhuascailteoir.Tugaim an Éigipt uaim mar luach d'fhuascailte,Cúis agus Saba mar éiric ionat.
4 Mar is luachmhar thú i mo shúile,is mór liom thú agus is mór é mo chion ort.Is ar an ábhar sin a thugaim daoine uaim i d'ionad,agus ciníocha in éiric d'anama.
5 Ná bíodh eagla ort, mar tá mise leat.As oirthear domhain tabharfaidh mé do shliochtagus cruinneoidh mé thú as an domhan thiar.
6 Déarfaidh mé leis an Tuaisceart: ‘Tabhair ar ais iad!’agus leis an Deisceart: ‘Ná coinnigh seilbh orthu!’Seol ar ais mo chlann mhac as an imigéinagus m'iníonacha ó chríocha na talún,
7 cách a nglaoitear dó m'ainmse,óir is ar mhaithe le mo ghlóir a chruthaigh mé iad,is í faoi deara dom a ndealbhú agus a ndéanamh.”