13 ó gheal an lá is mise é.Agus níl aon duine ann a bhogfaidh mo ghreim;déanaimse beart, agus cé chuirfeadh bac orm?
14 Is mar seo a deir an Tiarna,bhur bhfuascailteoir, Neach Naofa Iosrael:“Ar bhur sonsa tá mé ag cur chuig an Bhablóin;leagfaidh mé na Caildéigh agus iad ag teitheadhagus déanfar olagón dá ngártha caithréime.
15 Is mise an Tiarna, bhur Neach Naofa,bhur gCruthaitheoir, a Iosrael, agus bhur Rí.”
16 Is mar seo a deir an Tiarna,a rinne bealach mór tríd an bhfarraige,cosán thar an mbóchna thréamanta;
17 a sheol carbaid agus capaill chun cathaagus slua ollmhór lena gcois;luigh siad fúthu gan éirí i ndán dóibh,múchadh iad mar bheadh barrach dóite:
18 “Ná meabhraígí níos mó na rudaí a tharla,ná cuimhnigí ar an tseanaimsir.
19 Féach an nuacht atá á cur i gcrích agam,tá sí ag gobadh amach, nach léir daoibh é?Sea, tá mé chun bealach a réiteach san fhásachagus cosáin san uaigneas.