19 Féach an nuacht atá á cur i gcrích agam,tá sí ag gobadh amach, nach léir daoibh é?Sea, tá mé chun bealach a réiteach san fhásachagus cosáin san uaigneas.
20 Na hainmhithe allta, tabharfaidh siad glóir dom,na mic tíre agus na hulchabháin,óir beidh mé ag soláthar uisce san fhásach,aibhneacha sa dúiche fhiáin,chun tart mo phobail thofa a chosc.
21 An pobal seo a dhealbhaigh mé dom féin,déanfaidh siad mo mholadh a aithris!
22 A Iacóib, ní tusa a ghlaoigh ormsa,ná [níor chuir tú aon stró ort féin] ar mo shonsa, a Iosrael!
23 Níor thug tú tabhartas loiscthe chugam as do thréada,níor thug tú onóir dom le híobairtí.Níor leag mise ofrálacha ina ndaorsmacht ort,níor thuirsigh mé thú ag éileamh túise ort.
24 Níor cheannaigh tú giolcach chumhra dom ar luach airgid,níor líon tú mé le saill do chuid íobairtí.Ach leag tú daoirse do chuid peacaí orm,thuirsigh tú mé le do choireanna.
25 Ormsa, ormsa a bhí sé gach rud a chur ar cealagus gan do pheacaí a mheabhrú níos mó.