3 Óir is mise an Tiarna, do Dhia,Neach Naofa Iosrael, d'fhuascailteoir.Tugaim an Éigipt uaim mar luach d'fhuascailte,Cúis agus Saba mar éiric ionat.
4 Mar is luachmhar thú i mo shúile,is mór liom thú agus is mór é mo chion ort.Is ar an ábhar sin a thugaim daoine uaim i d'ionad,agus ciníocha in éiric d'anama.
5 Ná bíodh eagla ort, mar tá mise leat.As oirthear domhain tabharfaidh mé do shliochtagus cruinneoidh mé thú as an domhan thiar.
6 Déarfaidh mé leis an Tuaisceart: ‘Tabhair ar ais iad!’agus leis an Deisceart: ‘Ná coinnigh seilbh orthu!’Seol ar ais mo chlann mhac as an imigéinagus m'iníonacha ó chríocha na talún,
7 cách a nglaoitear dó m'ainmse,óir is ar mhaithe le mo ghlóir a chruthaigh mé iad,is í faoi deara dom a ndealbhú agus a ndéanamh.”
8 Chun tosaigh leis an bpobal seo atá dall cé go bhfuil súile iontu,an dream bodhar a bhfuil cluasa acu.
9 Bailíodh na náisiúin go léir le chéileagus cruinníodh na ciníocha.Cé ina measc a d'fhoilsigh sinnó a d'fhógair é anallód?Tugadh siad a bhfinnéithe i láthair le go dtugtar ceart dóibh,cloistear iad chun gur féidir á rá: “Tá sin fíor!”