5 Ná bíodh eagla ort, mar tá mise leat.As oirthear domhain tabharfaidh mé do shliochtagus cruinneoidh mé thú as an domhan thiar.
6 Déarfaidh mé leis an Tuaisceart: ‘Tabhair ar ais iad!’agus leis an Deisceart: ‘Ná coinnigh seilbh orthu!’Seol ar ais mo chlann mhac as an imigéinagus m'iníonacha ó chríocha na talún,
7 cách a nglaoitear dó m'ainmse,óir is ar mhaithe le mo ghlóir a chruthaigh mé iad,is í faoi deara dom a ndealbhú agus a ndéanamh.”
8 Chun tosaigh leis an bpobal seo atá dall cé go bhfuil súile iontu,an dream bodhar a bhfuil cluasa acu.
9 Bailíodh na náisiúin go léir le chéileagus cruinníodh na ciníocha.Cé ina measc a d'fhoilsigh sinnó a d'fhógair é anallód?Tugadh siad a bhfinnéithe i láthair le go dtugtar ceart dóibh,cloistear iad chun gur féidir á rá: “Tá sin fíor!”
10 Is sibhse mo chuidse finnéithe - briathar an Tiarna -agus mo ghiollaí atá tofa agam,ionas go mbeidh aithne agaibh orm agus go gcreidfidh sibh méagus go dtuigfidh sibh gur mise é.Romhamsa níor dealbhaíodh aon dia,ná ní bheidh a leithéid ann arís i mo dhiaidh.
11 Mise, is mise an Tiarna,agus níl slánaitheoir ann ach mé féin.