8 Chun tosaigh leis an bpobal seo atá dall cé go bhfuil súile iontu,an dream bodhar a bhfuil cluasa acu.
9 Bailíodh na náisiúin go léir le chéileagus cruinníodh na ciníocha.Cé ina measc a d'fhoilsigh sinnó a d'fhógair é anallód?Tugadh siad a bhfinnéithe i láthair le go dtugtar ceart dóibh,cloistear iad chun gur féidir á rá: “Tá sin fíor!”
10 Is sibhse mo chuidse finnéithe - briathar an Tiarna -agus mo ghiollaí atá tofa agam,ionas go mbeidh aithne agaibh orm agus go gcreidfidh sibh méagus go dtuigfidh sibh gur mise é.Romhamsa níor dealbhaíodh aon dia,ná ní bheidh a leithéid ann arís i mo dhiaidh.
11 Mise, is mise an Tiarna,agus níl slánaitheoir ann ach mé féin.
12 Is mise a rinne foilsiú agus slánú agus fógairt.Ní bheidh dia eachtrannach ar bith in bhur measc!Is sibhse mo chuid finnéithe - briathar an Tiarna -agus is mise Dia;
13 ó gheal an lá is mise é.Agus níl aon duine ann a bhogfaidh mo ghreim;déanaimse beart, agus cé chuirfeadh bac orm?
14 Is mar seo a deir an Tiarna,bhur bhfuascailteoir, Neach Naofa Iosrael:“Ar bhur sonsa tá mé ag cur chuig an Bhablóin;leagfaidh mé na Caildéigh agus iad ag teitheadhagus déanfar olagón dá ngártha caithréime.