14 Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna:[Scológa] na hÉigipte agus [ceannaithe] Chúis,muintir Shaba na bhfear mór ard,tiocfaidh siad anall agus rachaidh siad i bpáirt leat;siúlfaidh siad i do dhiaidh agus slabhraí orthu.Sléachtfaidh siad i do láthair,agus guífidh siad thú, á rá:“Faratsa amháin atá Dia, agus níl a leithéid eile ann;níl dia eile ann ach é.”
15 Go deimhin, is faratsa atá Dia i bhfolach,Dia Iosrael, an slánaitheoir.
16 An dream a thug do dhúshlán, beidh mearbhall agus ceann faoi orthu;imeoidh siad leo faoi náire, lucht déanta na n‑íol.
17 Tá Iosrael slánaithe ag an Tiarna,tá sibh slánaithe aige go deo.Ní bheidh mearbhall ná ceann faoi oraibhsear feadh saol na saol go brách.
18 Is ea, is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna,Cruthaitheoir na spéartha,arb é Dia é,arb é a dhealbhaigh an talamh agus a rinne é,a chuir bun faoiagus nár chruthaigh in anord éach a rinne áit chónaithe de:“Is mise an Tiarna, níl m'athrach ann.
19 Níor labhair mé i modh rúinná áit éigin i gcríoch dhorcha.Níor dhúirt mé le sliocht Iacóib:Cuardaígí mé san éagruth.Mise, an Tiarna, labhraím ceartagus cuirim mé féin in iúl le cruinneas focal.
20 Bailígí timpeall, tagaigí, cruinnigí uile le chéile,sibhse a mhair de na ciníocha!Níl eolas ar bith acu siúda bhfuil a n‑íol adhmaid á iompar thart acu,ná acu siúd a bhíonn ag glaoch ar dhianach bhfuil an slánú ar a chumas.