17 Tá Iosrael slánaithe ag an Tiarna,tá sibh slánaithe aige go deo.Ní bheidh mearbhall ná ceann faoi oraibhsear feadh saol na saol go brách.
18 Is ea, is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna,Cruthaitheoir na spéartha,arb é Dia é,arb é a dhealbhaigh an talamh agus a rinne é,a chuir bun faoiagus nár chruthaigh in anord éach a rinne áit chónaithe de:“Is mise an Tiarna, níl m'athrach ann.
19 Níor labhair mé i modh rúinná áit éigin i gcríoch dhorcha.Níor dhúirt mé le sliocht Iacóib:Cuardaígí mé san éagruth.Mise, an Tiarna, labhraím ceartagus cuirim mé féin in iúl le cruinneas focal.
20 Bailígí timpeall, tagaigí, cruinnigí uile le chéile,sibhse a mhair de na ciníocha!Níl eolas ar bith acu siúda bhfuil a n‑íol adhmaid á iompar thart acu,ná acu siúd a bhíonn ag glaoch ar dhianach bhfuil an slánú ar a chumas.
21 Déanaigí fógra, cuirigí bhur gcás i láthair,gabhaigí i gcomhairle le chéile fiú amháin:Cé a d'fhógair an méid sin roimh ré,nó cé a d'fhoilsigh é ag an am?An ea nach mise, an Tiarna, a rinne?Níl aon dia eile ann ach mé féin,Dia cóir agus Fuascailteoir;níl dada eile ann ach mise amháin.
22 Iompaigí chugamsa agus tá sibh slánaithe,a chríocha na talún uile,óir is mise Dia, agus níl m'athrach ann!
23 Mionnaim dar mé féin;is í an fhírinne a thagann as mo bhéal,geallúint nach bhfuil dul siar uirthi:‘Os mo chomhairse cromfar gach glúin,dar mise is ea a thabharfaidh gach teanga a mionn.’