1 Síos leat! Buail fút sa láib,a mhaighdean, a iníon na Bablóine!Anuas leat ó do chathaoir ríoga agus suigh ar an talamh,a iníon na gCaildéach!Óir ní thabharfar ort níos mómaoth ná muirneach.
2 Chuig na clocha brón leat agus meil an mhin!Scaoil díot do chaille;tóg suas do sciortaí, taispeáin do chosa,siúl tríd na haibhneacha.
3 Taispeáin tú féin tarnochtgo bhfeice daoine do náire!Tá mé ar son díoltaisagus ní chuirfear isteach orm.
4 Deir ár slánaitheoir, arb é Tiarna na Slua is ainm dóNeach Naofa Iosrael:
5 Suigh fút, bí i do thost, agus isteach sa dorchadas leat, -a iníon na gCaildéach.Óir ní thabharfar ort níos mó choíchemáistreás na ríochtaí.
6 Bhí colg orm chuig mo mhuintir,agus d'fhág mé smál ar m'oidhreacht.Lig mé isteach i do lámhasa iad,ach ní dhearna tú trua dá laghad díobh.Ar an seanduine bhuail tú anuasdo chuing go róthrom.