10 Bhí tú muiníneach as do mhailís, á rá:“Ní fheiceann aon duine mé.”Do chríonnacht agus d'eolas,is iad a mhearaigh thú.Bhítheá á rá leat féin i do chroí istigh:“Mise, mé féin amháin!”
11 Ach tiocfaidh tubaiste ortnach mbeidh dul agat [a chur faoi chónaí];titfidh matalang ortnach mbeidh tú in ann a chur díot;bainfidh míchríoch díotnach bhfuil coinne agat léi.
12 Fan i mbun d'asarlaíochta mar sinagus d'ildraíochta,ar chaith tú do dhua leo ó d'óige i leith.B'fhéidir go mbainfidh tú tairbhe astu!B'fhéidir go spreagfaidh tú scéin fós!
13 Ach tá tú tuirseach d'iomad do lucht comhairle.Seasadh siad amach anois le tú a shábháil,lucht chomhaireamh na spéartha,lucht scrúdaithe na réaltaí,an dream a fhoilsíonn in aghaidh na míosacad tá le titim amach.
14 Beidh siad ar nós na gcoinlínía dhónn an tine.Ní shábhálfaidh siad a mbeoar ghreim na lasrach.Ná ní aon ghríosach í seo chun do ghoradh a dhéanamh,ní aon teallach é le suí os a chomhair.
15 Sin agat anois do lucht draíochta,lenar chaith tú do dhua ó d'óige i leith!Imeoidh siad leo, gach aon acu ag dul roimhe,gan de chumas iontu tú a shábháil.