1 Éistigí leis seo, a theaghlach Iacóib,ar a dtugtar ainm Iosraelagus a tháinig ó fhréamh Iúdá;sibhse a mhionnaíonn dar ainm an Tiarnaagus a tharraingíonn anuas Dia Iosraelgan dea-rún gan fíréantacht.
2 Óir ainmníonn sibh sibh féin as an chathair bheannaitheagus ligeann sibh bhur dtaca le Dia Iosraelarb é Tiarna na Slua is ainm dó.
3 Na rudaí a tharla, bhí siad foilsithe agam fadó,bhí siad imithe amach as mo bhéal agus fógraithe;leis sin rinne mé beart agus tháinig siad i gcrích.
4 Óir bhí fhios agam go raibh tú ceanndána;is geall le féithleog iarainn do mhuineál,agus tá clár d'éadain ina phrás.
5 Is uime sin a d'fhoilsigh mé rudaí duit roimh ré;sula dtarlódh siad, d'fhógair mé duit iad,ionas nach mbeifeá á rá: “M'íol is é a rinne iad;mo dhealbh shnoite, mo dhealbh leáite a d'ordaigh!”
6 Chuala tú agus chonaic tú sin go léir anois,nach bhfuil sé chomh maith agat é a admháil?Anois tá mé chun rudaí nua a fhoilsiú duit,rudaí folaithe nárbh eol duit,
7 a cruthaíodh anois beag,nár chuala tú caint orthu go dtí seo,nach féidir leat á rá fúthu: “Ar ndóigh, bhí a fhios agam sin.”