10 Is amhlaidh a chuir mé an tine leat, ar nós airgid;chuir mé féachaint ort i bhfoirnéis na buartha.
11 Ar mo shon féin amháin is ea dhéanaim é,óir cén chaoi a mbeadh m'ainm á thruailliú?Ní ligfidh mé mo ghlóir le haon dia eile.
12 Éist liom, a Iacóib,a Iosrael, ós ortsa a ghlaoigh mé:Is mise an túsagus is mise fós an deireadh.
13 Mo lámh is í a bhunaigh an talamh,mo dheaslámh a scar amach na spéartha.Ach mé a ghlaoch orthu,éiríonn siad aniar chugam in éineacht.
14 Bailigí go léir le chéile agus éistigí;cé acu a d'inis na rudaí seo roimh ré?“Déanfaidh fear mo pháirte rud ormi gcoinne na Bablóine agus sliocht na gCaildéach.”
15 Mise mé féin a labhair agus a ghlaoigh air,a thug ann é agus a chuir rath ar a bheart.
16 Gabhaigí i leith chugam go gcloise sibh an méid seo:“Ón tús níor labhair mé libh faoi choim,agus ón am a tharla seo tá mise ann.”- “Agus anois tá an Tiarna Dia tar éis mé a chur uaidh,mar aon lena spiorad.”