1 A insí na farraige, éistigí liomsa;tugaigí aire, a chiníocha i gcéin!Ghairm an Tiarna mé sa bhroinn dom,agus mé i gcoim mo mháthar luaigh sé m'ainm.
2 Rinne sé claíomh faobhrach de mo bhéal,chuir sé i bhfolach mé faoi scáth a láimhe.Saighead líofa a rinne sé díom,agus leag sé thart mé ina bholgán saighead.
3 Dúirt sé liom: “Is tú mo ghiolla Iosraeltrína saothróidh mé glóir dom féin.”
4 Agus bhí mise á rá liom féin: “Tá mo shaothar in aisce agam,tá mo neart caite agam gan éifeacht.”Ach bhí mo cheart le fáil agam i bhfochair mo Thiarna,agus mo chúiteamh i bhfochair mo Dhé.
5 Bhí maise orm i súile an Tiarna,ba é mo Dhia mo neart.Agus anois tá an Tiarna tar éis labhairt,an té a dhealbhaigh mé ón mbroinn i leith i mo ghiolla dó,le go mbailínn Iacób ar ais chuige,le go gcruinnínn Iosrael le chéile dó:
6 “Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agamchun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin,chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais.Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha,chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”
7 Is amhlaidh seo a deir an Tiarna,fuascailteoir agus Neach Naofa Iosrael,leis an té atá ina ábhar tarcaisne agus gráin ag na ciníocha air,le sclábh na dtíoránach:Éireoidh ríthe ina seasamh ach súil a leagan ort,rachaidh prionsaí ar a mbéal fúthu,de dheasca an Tiarna agus a dhílseachta,Neach Naofa Iosrael a thogh thú.