10 Ocras ná tart ní bheidh orthu feasta,ní loiscfear iad le gaoth ná le grian.Óir an té a ghlac trua dóibh, beidh sé á gcinnireachtagus á mbuachailleacht cois toibreacha fíoruisce.
11 Déanfaidh mé slí de na sléibhte uileagus leagfar síos dúshraith do na bealaí móra.
12 Tá dream acu ag triall ó chríoch i gcéin,dream aduaidh agus dream aniar,dream eile fós ó Shíním aneas.
13 Canaigí le lúcháir, a spéartha, agus déan gairdeas, a thalaimh!a shléibhte, gairigí amach bhur racht áthais!Óir tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintiragus ag glacadh trua dá chlann dearóil.
14 Mar bhí Síón á rá: “Tá mé tréigthe ag an Tiarna,tá mé ligthe i ndearmad ag mo Dhia.”
15 An ndéanann bean dearmad ar leanbh a cíche,an mbíonn deireadh lena grá do mhac a broinne?Agus dearmad dá ndéanfadh féin,ní dhéanfaidh mise dearmad ortsa go deo!
16 Féach, tá tú greanta ar bhosa mo lámh agam,is gnách do bhallaí os comhair mo shúl.