11 Déanfaidh mé slí de na sléibhte uileagus leagfar síos dúshraith do na bealaí móra.
12 Tá dream acu ag triall ó chríoch i gcéin,dream aduaidh agus dream aniar,dream eile fós ó Shíním aneas.
13 Canaigí le lúcháir, a spéartha, agus déan gairdeas, a thalaimh!a shléibhte, gairigí amach bhur racht áthais!Óir tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintiragus ag glacadh trua dá chlann dearóil.
14 Mar bhí Síón á rá: “Tá mé tréigthe ag an Tiarna,tá mé ligthe i ndearmad ag mo Dhia.”
15 An ndéanann bean dearmad ar leanbh a cíche,an mbíonn deireadh lena grá do mhac a broinne?Agus dearmad dá ndéanfadh féin,ní dhéanfaidh mise dearmad ortsa go deo!
16 Féach, tá tú greanta ar bhosa mo lámh agam,is gnách do bhallaí os comhair mo shúl.
17 Tá lucht d'atógála chugat faoi dheifir,agus lucht do scriosta agus do chreachta ag imeacht asat amach.