18 Ardaigh do shúile agus breathnaigh mórthimpeall uait:tá siad siúd go léir ag cruinniú agus ag déanamh ort.Ar mo bheo - is é an Tiarna atá á mhionnú -seoda is ea iad le tú féin a mhaisiú,le cur ort ar nós feisteas brídeoige!
19 Óir na ceantair bhánaithe chreachta sin agat,agus do dhúiche shladta go léir -róchúng a bheidh tú feasta do do lucht áitrithe,agus beidh an dream a thug aghaidh a gcraois ort i bhfad i gcéin.
20 Beidh siad á rá arís i d'éisteacht,an chlann mhac sin a shíl tú a bheith caillte:“Tá an áit seo róchúng dom,déan slí dhom go socraí mé isteach!”
21 Beidh tú á rá leat féin i do chroí istigh:“Cé a shaolaigh iad siúd go léir dom?Bhí mé gan chlann agus mé aimrid,ach iad seo, cé a thóg suas iad?”Bhí mé fágtha liom féin,an dream úd mar sin, cá has a dtagann siad?
22 Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna Dia:Seo chuige! Bagraím lámh ar na ciníochaagus cuirim suas mo mheirge le haghaidh na náisiún.Tabharfaidh siad do mhic ar ais chugat ina mbaclainnagus d'iníonacha ar a ngualainn.
23 Beidh ríthe ina n‑aithreacha altrama agatagus a mbanríona agat mar bhanaltraí cíche.Sléachtfaidh siad romhat agus a mbéal fúthu ar an talamhagus lífidh siad an dusta de do chosa.Beidh a fhios agat gur mise an Tiarna;an dream a bhfuil a súil liom, ní chuirfear iad dá ndóchas.
24 An féidir an chreach a bhaint den ghaiscíoch,nó príosúnach an aintiarna a tharrtháil?