20 Beidh siad á rá arís i d'éisteacht,an chlann mhac sin a shíl tú a bheith caillte:“Tá an áit seo róchúng dom,déan slí dhom go socraí mé isteach!”
21 Beidh tú á rá leat féin i do chroí istigh:“Cé a shaolaigh iad siúd go léir dom?Bhí mé gan chlann agus mé aimrid,ach iad seo, cé a thóg suas iad?”Bhí mé fágtha liom féin,an dream úd mar sin, cá has a dtagann siad?
22 Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna Dia:Seo chuige! Bagraím lámh ar na ciníochaagus cuirim suas mo mheirge le haghaidh na náisiún.Tabharfaidh siad do mhic ar ais chugat ina mbaclainnagus d'iníonacha ar a ngualainn.
23 Beidh ríthe ina n‑aithreacha altrama agatagus a mbanríona agat mar bhanaltraí cíche.Sléachtfaidh siad romhat agus a mbéal fúthu ar an talamhagus lífidh siad an dusta de do chosa.Beidh a fhios agat gur mise an Tiarna;an dream a bhfuil a súil liom, ní chuirfear iad dá ndóchas.
24 An féidir an chreach a bhaint den ghaiscíoch,nó príosúnach an aintiarna a tharrtháil?
25 Is ea, ach seo é freagra an Tiarna:Bainfear a phríosúnach den ghaiscíoch féin,déanfar creach an aintiarna a tharrtháil!Troidfidh mise lena dtroidfidh leat,agus sábhálfaidh mé do chlann orthu.
26 Cuirfidh mé lucht do bhrúite ag ithe a bhfeola féin,beidh siad ar meisce lena bhfuil féin mar a bheadh fíon úr ann.Agus beidh a fhios ag an uile fheoilgur mise an Tiarna do Shlánaitheoir,agus gurb é d'fhuascailteoir Tréanlaoch Iacóib.