Íseáia 49:3-9 ABN

3 Dúirt sé liom: “Is tú mo ghiolla Iosraeltrína saothróidh mé glóir dom féin.”

4 Agus bhí mise á rá liom féin: “Tá mo shaothar in aisce agam,tá mo neart caite agam gan éifeacht.”Ach bhí mo cheart le fáil agam i bhfochair mo Thiarna,agus mo chúiteamh i bhfochair mo Dhé.

5 Bhí maise orm i súile an Tiarna,ba é mo Dhia mo neart.Agus anois tá an Tiarna tar éis labhairt,an té a dhealbhaigh mé ón mbroinn i leith i mo ghiolla dó,le go mbailínn Iacób ar ais chuige,le go gcruinnínn Iosrael le chéile dó:

6 “Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agamchun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin,chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais.Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha,chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”

7 Is amhlaidh seo a deir an Tiarna,fuascailteoir agus Neach Naofa Iosrael,leis an té atá ina ábhar tarcaisne agus gráin ag na ciníocha air,le sclábh na dtíoránach:Éireoidh ríthe ina seasamh ach súil a leagan ort,rachaidh prionsaí ar a mbéal fúthu,de dheasca an Tiarna agus a dhílseachta,Neach Naofa Iosrael a thogh thú.

8 Is amhlaidh seo a deir an Tiarna:i dtráth mo pháirte tabharfaidh mé toradh ort,lá na fuascailte tiocfaidh mé i gcabhair ort.(Tá tú coinnithe caomhnaithe agam mar chonradh leis an bpobal.)Cuirfidh mé an tír ina ceart arís;roinnfidh mé oraibh as an nua na gabháltais scriosta;

9 déarfaidh mé leis na cimí: “Amach libh!”agus leo siúd atá sa dorchadas: “Amach go bhfeicimid sibh!”Ar na bealaí go léir beidh siad ag iníor,ar gach dumhach ghainimh gheabhaidh siad féarach.