1 Canaim thar ceann mo charaduan a ghrá dá fhíonghort.Bhí fíonghort ag mo charaar chnocán torthúil.
2 Rinne sé a romhar agus a ghlanadh ó chlocha,agus chuir sé togha na bhfíniúnacha ann,thóg sé túr faire ina lár,agus thochail cantaoir ann leis.Agus bhí sé ag dréim le caora fíona uaidh,ach thug sé fiachaora dó.
3 Agus anois, a phobal Iarúsailéimagus a mhuintir Iúdá,tugaigí breithiúnasidir mé féin agus an fíonghort seo liom.
4 Cad a d'fhéadfainn a dhéanamh ar son m'fhíonghoirtnach bhfuil déanta agam?Bhí mé ag dréim le caora fíona.Cén fáth na fiachaora amháin?
5 Tá, cuirfidh mé in iúl daoibh anoiscad tá mé chun a dhéanamh le m'fhíonghort:an claí a bhaint as chun go mbeidh sé ina fhéarach,an balla a leagan chun go satlófar air.