13 Dá bharr sin seolfar mo mhuintir ar deoraíochtde cheal tuisceana,a n‑uaisle stiúgtha ag an ocras,agus an slua spalptha le tart.
14 Sea, leathfaidh Seól a chraos,osclóidh sé a bhéal as miosúr,agus síos ann leis an gcólp ghalánta,agus iad ag liúireach le lúcháir!
15 Ísleofar an duine, agus an daonnaí, tabharfar céim síos dóagus beidh ceann faoi ar lucht díomais.
16 Ardófar Tiarna na Slua as ucht ceart a bhreithiúnais,agus foilseofar naofacht an Dé Naofa trína fhíréantacht.
17 Beidh uain ag iníor mar bheadh siad ar thalamh féaraigh,beithígh bheathaithe agus mionnáin ag innilt i measc na bhfothracha.
18 Is mairg dóibh siúd a tharraingíonn creach orthu féin le teaghrán eallaigh,agus an peacamar bheadh tarraingeáil chairte orthu!
19 Iad siúd a deir: “Brostaíodh sé! Déanadh sé deifir lena ghníomhionas go bhfeicfimid é;bearta Neach Naofa Iosrael,tagadh siad in aice linn agus cuirtear i gcrích iad,chun gurb eol dúinn iad.”