19 Iad siúd a deir: “Brostaíodh sé! Déanadh sé deifir lena ghníomhionas go bhfeicfimid é;bearta Neach Naofa Iosrael,tagadh siad in aice linn agus cuirtear i gcrích iad,chun gurb eol dúinn iad.”
20 Is mairg a ghaireann maith den olc, agus olc den mhaith,a dhéanann solas den dorchadas agus dorchadas den solas,a dhéanann milseacht den searbhas agus searbhas den mhilseacht!
21 Is mairg a bhfuil meas saoithe acu orthu féin,agus a cheapann go bhfuil siad thar a bheith glic!
22 Is mairg do ghaiscígh na pótaireachta,agus do na laochra a mheascann an bhiotáille!
23 Is mairg a scaoileann saor an ciontach ar bhreab,ach a bhaineann a cheart den duine cóir!
24 Mar alpann na lasracha an coinleachagus mar a chailltear an cháith sa tine,is amhlaidh a bheidh a bhfréamh siúd ag dreoagus a shiabfar a bpéacán ar siúl ina dheannach,as siocair gur dhiúltaigh siad do reacht Thiarna na Sluaagus gur chaith drochmheas ar bhriathar Neach Naofa Iosrael.
25 Is é sin an fáth ar tháinig fearg ar an Tiarna lena phobalagus ar thóg sé a lámh lena mbascadh;tá na taoisigh marbh aige, agus a gcorpáin ina luímar bheadh dramhaíl sna sráideanna.Ach níl a racht ligthe faoi ina dhiaidh sin,tá a lámh ag bagairt go fóill.